Gaeilge
English

Ceisteanna Coitianta

Geobhaidh tú freagraí ar cheisteanna coitianta i dtaobh ABAIR anseo. Má tá aon cheisteanna eile agat is féidir dul i dteagmháil linn anseo.

An bhfuil ABAIR saor in aisce?

Tá bogearraí de chuid ABAIR saor in aisce le haghaidh na rudaí seo a leanas:

  • úsáid phríobháideach
  • comhlachtaí poiblí i bPoblacht na hÉireann
  • oideachas / teagasc neamhthráchtála

Má tá tú ag iarraidh bogearraí de chuid ABAIR a úsáid le haghaidh feidhmeanna tráchtála (m.sh. aipeanna, suíomhanna idirlín), ní foláir dul i dteagmháil linn agus ceadúnas a iarraidh. Is féidir dul i dteagmháil linn anseo.

An féidir ABAIR a úsáid ar mo ríomhaire?

Tá breiseán don Léitheoir Scáileáin NVDA ar fáil ar an suíomh seo. Beidh tú in ann é a úsáid saor in aisce. Faigh an breiseán.

An bhfuil ABAIR ar fáil d'Android nó iOS?

Níl go fóill, ach tá aip Android ar na bacáin againn. Díreoidh muid ar aip iOS ina dhiaidh sin.

An féidir ABAIR a chur le mo shuíomh idirlín?

Is féidir an Léitheoir Gréasáin a chur le do shuíomh idirlín ach líne amháin HTML a chur le gach leathanach HTML. Maidir leis na costais féach an cheist thuas "An bhfuil ABAIR saor in aisce?". Téigh go dtí an Léitheoir Gréasáin.

Baineann ABAIR.ie úsáid as cookies agus baileoimid sonraí uait má bhíonn tú ag úsáid seirbhísí a chuirtear ar fáil ar an suíomh idirlín seo.

Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh an Polasaí Cookie agus an Polasaí Príobháideachais de chuid ABAIR.ie.

Glacaim leis