| Fogharscríobh |
Léiriú cruinn ar na fuaimeanna ar fad atá i dteanga is ea an fogharscríobh. Murab ionann agus gnáth-litriú na teanga, tá dlúthcheangal idir an tsiombail scríofa agus fuaim ar leith agus ní athraíonn an ceangal seo, is cuma cén comhthéacs ina bhfuil an fhuaim. Mar shampla, úsáidtear na litreacha ‘adh’ i bhfocail mar ‘adhmad’ agus ‘rugadh’, ach ní hionann fuaim an ‘adh’ sa dá fhocal áirithe seo sa chaint. San fhogharscríobh úsáidtear na siombailí /aɪ/ ag tús ‘adhmad’ agus /uː/ ag deireadh ‘rugadh’ (i gcanúint Chonnacht). Tugann an córas fogharscríofa léiriú cruinn ar na fuaimeanna don té atá oilte sa chóras.
