| Clibeáil Ranna Cainte |
Is éard atá i gceist le clibeáil ranna cainte ná anailís ghramadúil ar gach focal atá in abairt. Cuireann sé seo lipéid ar na focail a léiríonn an aicme lena mbaineann siad (mar shampla ainmfhocal, aidiacht, briathar, forainm s.rl.) mar aon leis an bhfoirm ghramadúil (i.e. pearsa, uimhir, inscne, aimsir, modh, tuiseal).
| Tá | mé | sásta |
| Lipéad: briathar, aimsir láithreach |
Lipéad: forainm, 1 pearsa, uatha |
Lipéad: aidiacht |
Tá an próiseas seo ríthábhachtach i ngach córas sintéise mar uaireanta braitheann fuaimniú focail ar an aicme lena mbaineann an focal sin. Tóg an litriú ‘d e i r e a d h’, mar shampla. Fuaimnítear an litriú áirithe seo ar dhá bhealach dhifriúla de réir na brí atá leis an bhfocal agus an chomhthéacs ina bhfuil sé: Ag deireadh an lae (ainmfhocal) agus deireadh sé i gcónaí (briathar san aimsir ghnáthchaite). Úsáideann an sintéiseoir an t-eolas a ghineann an córas clibeála chun an fuaimniú cuí a aimsiú. Éist.
Tá córas clibeála ranna cainte don Ghaeilge forbartha ag an Dr Elaine Uí Dhonnchadha, Coláiste na Tríonóide. Is féidir triail a bhaint as anseo.
