Léim go dtí an príomhábhar »

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Leagan béite — fáilte roimh aiseolas
Leis na torthaí is fearr a fháil, bain úsáid as Firefox agus a litreoir Gaeilge.   Faigh Firefox

Ceisteanna agus fadhbanna coitianta


Cad é go díreach atá in abair.ie?

Is é abair.ie ríomhchainteoir don Ghaeilge — tiontaíonn sé focail scríofa isteach in urlabhra. Leagan béite (trialach) atá sa leagan seo, atá á fhorbairt go leanúnach. Bíonn forbairt leanúnach agus fhadtéarmach i gceist chun ríomhchainteoir a chur ar fáil. Tá sé seo fíor do gach teanga, ach i gcás na Gaeilge, tá dúshlán faoi leith ann, mar go bhfuil gá le bunacmhainní nach raibh ar fáil cheana féin. Mar sin, bhí agus tá go leor taighde le déanamh againn chun na haiseanna sin a fhorbairt i dteannta leis an sintéiseoir.

Ar ais go barr

Cé a thacaíonn le abair.ie?

Tá an tionscadal á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge agus tá sé ag leanúint ar aghaidh ón obair a thosaigh le tionscadail eile. (Féach Cúlra le tuilleadh eolais a fháil.)

Chomh maith, ón tús, tá an-tacaíocht agus spreagadh faighte againn ó dhaoine agus eagraíochta a bhfuil suim faoi leith acu inár gcuid oibre ar shintéis na Gaeilge agus sna féidearthachtaí a bhaineann le forbairt na teicneolaíochta den chineál seo, sna réimsí oideachais agus rochtaineachta ach go háirithe.

Tá muid an-bhuíoch as an tacaíocht seo, chomh maith le tacaíocht agus moltaí a fhaigheann muid ón ár gcomh-taighdeoirí.

Ar ais go barr

Cén fáth a dtugtar "Cabóigín" ar ghuth Ghaoth Dobhair?

I nGaeilge Ghaoth Dobhair, tugtar "cabóg" ('clabaire') ar ghirseach bheag a bhfuil seancheann uirthi, agus a bhíonn ag caint de shíor. Sa bhunscoil i nGaoth Dobhair, ba mhinic a ghlaoigh an múinteoir"cabóg" ar Ailbhe Ní Chasaide, stiúrthóir an tionscadail.

Ar ais go barr

An bhfuil rogha canúintí ar fáil?

Níl faoi láthair, ach beidh amach anseo. Labhrann an guth Cabóigín Gaeilge Uladh, agus beidh Cabógaí úra ann a labhróidh na mórchanúintí eile. Tá muid ag obair faoi láthair ar ríomhchainteoir do Ghaeilge Chonnacht, agus ansin, beidh muid ag díriú ar Ghaelainn na Mumhan.

Ar ais go barr

Cad é Firefox, cad é mar a fhaigheann mé é, agus cén fáth a molann sibh é?

Cad is Firefox ann
Brabhsálaí gréasáin atá i Mozilla Firefox, feidhmchlár bogearraí a cheadaíonn brabhsálaithe duit leathanaigh ghréasáin a léamh. I measc na mbrabhsálaithe is coitianta ná Microsoft Internet Explorer, Apple Safari, Opera agus Flock. Má shuiteáileann tú Firefox, is féidir leat leanúint ar aghaidh ag úsáid na mbrabhsálaithe eile seo.

An fáth a molann muid Firefox
Leis an tsintéis is fearr a fháil ó abair.ie, molann muid go hard na spéire go mbaineann tú úsáid as an bhrabhsálaí Mozilla Firefox agus a litreoir ('spell-checker') Gaeilge. Tá an dá ceann saor in aisce agus an-fhurasta le suiteáil.

Cuideoidh litreoirí leat botúin litrithe agus chló a sheachaint, agus tá na botúin seo coitianta fiú i measc na scribhneoirí is fearr. Tá litriú ceart fíorthábhachtach do abair.ie agus do shintéis téacs-go-hurlabhra go ginearálta. Déanann fiú síneadh fada ar iarraidh dochar ar chaighdeán na sintéise.

Cad é mar a fhaightear Firefox agus a litreoir

Céim 1. Suiteáil an brabhsálaí gréasáin Firefox
Ní thógann an próiseas go léir ach cúpla bomaite.

  1. Gabh go http://www.mozilla.com/en-US/firefox/all.html
  2. Scrollaigh síos go dtí an líne "Irish"/"Gaeilge" (nó roghnaigh teanga eile).
  3. Cliceáil ar an chnaipe "Download" fóirsteanach (an céad cheann do Windows, an dara ceann do Mac, an tríú ceann do Linux).
  4. Cliceáil ar an chomhad a d'ioslódáil tú (Firefox Setup 3.0.3.exe).
  5. Lean na leideanna céim-ar-chéim le Firefox a shuiteáil.

Céim 2. Suiteáil litreoir Firefox
Ní thógann an próiseas seo bomaite nó dhó ar a mhéid.

  1. Gabh go https://addons.mozilla.org/en-US/firefox/addon/3090/
  2. Cliceáil ar "Add to Firefox".
  3. Cliceáil ar ""Ioslódáil anois"/"Install now".
  4. Uair amháin suiteáilte, cuireann an litreoir líne dhearg faoi fhocail litrithe go mícheart. Leis an fhadhb a cheartú, níl ort ach deaschliceáil ar an fhocal litrithe go mícheart agus ansin cliceáil ar an litriú ceart. Féach ar an scáilghraf.

Céim 3. Suiteáil breiseán cuardaigh abair.ie do Firefox (Roghnach — ach iontach sásta!)
Tógann sé seo níos lú ná bomaite.
Ceadaíonn sé duit sintéis a dhéanamh ar fhocal nó abairtín agus tú ag léamh suíomh gréasáin Gaeilge ar bith, abair focal.iebeo.ie.

  1. Bí cinnte go bhfuil Firefox suiteáilte agat. (Féach ar Chéim 1 thuas.)
  2. Gabh go dtí an leathanach seo.
  3. Cliceáil ar an nasc "abair.ie" (díreach faoi "(1) Other General Engines").
  4. Cliceáil ar "Cuir leis".
  5. Le húsáid a bhaint as, tá dhá rogha agat:

    a. Clóscríobh focal nó abairtín sa bhosca cuardaigh agus brúigh ar an eochair iontrála.

    b. Aibhsigh (highlight) na focail sa téacs le do luchóg, deaschliceáil, agus roghnaigh "Cuardaigh abair.ie ar...".
    (Bí cinnte go bhfuil an bosca cuardaigh abair.ie le feiceáil ag barr an leathanaigh, ní an ceann Google.)

    Osclóidh cluaisín nua agus is féidir leat éisteacht le Cabóigín ag rá na bhfocal.

Céim 4. Suiteáil "athróir teanga" Firefox (Roghanach)
Ní thógann sé seo ach cúpla bomaite.
Is féidir leat leagan eile de Firefox a shuiteáil (mar shampla, an leagan Béarla) agus athrú idir an dá leagan, ag baint úsáide as an "athróir teanga" (an "locale switcher", go hoifigiúil).

  1. Suiteáil leagan eile (nó leaganacha eile) de Firefox (féach ar Cheim 1 thuas).
  2. Gabh go https://addons.mozilla.org/en-US/firefox/addon/356/
  3. Cliceáil ar "Add to Firefox".
  4. Cliceáil ar "Install now".
  5. Le húsáid, roghnaigh "teangacha/languages" faoin roghchlár Uirlisí/ Tools agus ansin an teanga, agus ansin atosaigh Firefox.

Níos mo eolais faoi Firefox
Is é Firefox an t-aon bhrabhsálaí ar an domhain a bhfuil leagan Gaeilge ar fáil dó! Tá níos mó eolais le fáil ag leathanach an tionscadail agus i léirmheas ar an bhrabhsálaí foilsithe le gairid san iris ar líne nós*, (comhad .pdf 23 Mb, tá an t-alt ar lch. 30). (Molann muid nós* go hard fosta!)

Ar ais go barr

Brúim ar an chnaipe "Déan sintéis", ach ní chluinim rud ar bith.

I ndiaidh duit brú ar an chnaipe "Déan sintéis", caithfidh tú brú ar an chnaipe "seinn" (an tsaighead bheag) le héisteacht leis an tsintéis.

Mura gcluineann tú rud ar bith fós, bí cinnte go bhfuil do chluasáin nó do challaire ceangailte i gceart, nach bhfuil "balbhaigh" ("mute") ticeáilte agat, agus nach bhfuil airde na fuaime ró-íseal. Ansin, bain triail arís as.

D'fhéadfadh sé go bhfuil fadhb ghinearálta ann le seinm fuaime ar do ríomhaire. An féidir leat fuaim ar bith a sheinm?

D'fhéadfadh sé go bhfuil fadhb ann leis an chóras sintéise, ach sa chas seo, de gnáth faigheann tú teachtaireacht earráide.

Ar ais go barr

Uaireanta ní léinn an sintéiseoir uimhreacha agus siombailí i gceart.

Is tasc iontach casta é uimhreacha agus siombailí a léamh i gceart, fiú do dhaoine. Mar shampla, braitheann fuaimniú an fhocail "2" ar an chomhthéacs, mar a léiríonn na samplaí seo a leanas:

  • €2 [dhá euro]
  • 2 chailíní [beirt chailíní]
  • 1 nó 2 [ceann nó dhó]
  • seomra 2 [seomra a dó]

Tá rialacha scríofa againn le déileáil le huimhreacha agus siombailí (leis iad a "normalú"), agus láimhseálaíonn an córas na samplaí thuas mar is ceart.

Ar an drochuair, ní féidir leis na rialacha gach cás a láimhseáil. Mar shampla, má chlóscríobhann tú "2 chailini" (gan sínte fada), ní thabharfaidh an córas faoi deara go bhfuil daoine i gceist, agus déarfaidh an sintéiseoir "dhá".

I gcásanna eile, braitheann fuaimniú ar an chomhthéacs, ach is deacair nó dodhéanta riail a scríobh leis an chomhthéacs sin a chur in iúl. Cuir i gcás na habairtí seo a leanas:

  • Seo ár n-uimhir: 896-1348.
  • Tá suíocháin 896-1348 curtha in áirithe agam don ghrúpa.

Sa chéad chas, tá uimhir ghutháin i gceist, agus déarfadh duine "a hocht a naoi a sé, a haon a trí a ceathair a hocht". Ach sa dara cás, seans go ndéarfadh duine "ocht gcéad nócha a sé go míle trí chéad is ceathracha a hocht".

Tá muid ag feabhsú na rialacha normalaithe go leanúnach, agus tá do chuid aiseolais iontach luachmhar dúinn sa réimse seo.

Ar ais go barr

Cén fáth nach bhfuil abair.ie ábalta focail Bhéarla a láimhseáil?

Tá gach córas sintéise dírithe ar theanga áirithe, mar bíonn teangacha éagsúil i mbealaí tábhachtacha. Mar shampla, tá córas litrithe na Gaeilge an-difriúil ó chóras litrithe an Bhéarla. Cuir i gcás an focal "teach". Ní deirtear an tsraith litreacha sin sa tslí chéanna i nGaeilge ("Tá teach ann".) agus i mBéarla ("I teach there.").

É sin ráite, amach anseo, tá súil againn go mbeidh an córas ábalta déileáil le hionchur Béarla, mar is minic go mbaineann cainteoirí Gaeilge úsáid as focail Bhéarla agus iad ag labhairt (nó ag scríobh) Gaeilge. Tá roinnt focal Béarla ar an leathanach seo, mar shampla.

Ar ais go barr

An bhfuil sé tábhachtach úsáid a bhaint as sínte fada?

Tá, tá sé rí-thábhachtach go bhfuil an téacs mar ionchur chuig abair.ie litrithe i gceart, sínte fada ina measc.

Tiontaíonn an córas na focail a chlóscríobhann tú go siombailí foghraíochta de réir liosta rialacha litriú-go-fuaimniú (m.sh., tiontaítear sraith na litreacha "uí" (san fhocal "buí", mar shampla) go dtí an tsiombail fhoghraíochta [i:] (i fada)). Má bhíonn an t-ionchur litrithe go mícheart, beidh fadhbanna leis an aschur.

Mura n-úsáideann tú sínte fada agus tú ag scríobh (mar is coitianta i dteachtaireachtaí téacs, mar shampla) nó má dhéanann tú botúin chló nó litrithe, de ghnáth bíonn léitheoirí daonna ábalta an bhrí a thuiscint agus na botúin a cheartú. Faraor, níl abair.ie nó córais shintéise eile chomh cliste le léitheoirí daonna.

I gcóras litrithe na Gaeilge, cuireann sínte fada in iúl fuaimnithe áirithe, agus uaireanta déanann siad idirdhealú idir dhá fhocal (m.sh., "áit" v. "ait" nó "seó" v. "seo"). Má chlóscríobhann tú "Bhain mé sult as an seo" (gan síneadh fada), déarfaidh an sintéiseoir an focal "seo" leis an ghuta o gairid.

Má chlóscríobhann tú "taech", ni thuigfidh an córas go raibh "teach" i gceist agat, agus déanfaidh sé iarracht an focal "taech" a rá (le t leathan agus an guta mícheart), cé nach bhfuil a leithéid ann sa Ghaeilge.

Má chlóscríobhann tú "2 chailíní", déarfaidh an sintéiseoir "beirt chailíní" (mar is ceart), ach má chlóscríobhann tú "2 chailini" (gan sínte fada), cluinfidh tú "dhá" seachas "beirt", mar ní aithneoidh an córas go bhfuil daoine i gceist. (Ar ndóigh, beidh fuaimniú an ainmfhocail mícheart chomh maith).

Le botúin chló agus litrithe a sheachaint, molann muid go hard go mbaineann tú úsáid as an bhrabhsálaí Mozilla Firefox agus a litreoir (spell-checker) Gaeilge.

Ar ais go barr

Cad é mar is féidir liom sínte fada a chlóscríobh ar mo mhéarchlár?

Má tá tú ag baint úsáide as Windows mar chóras oibriúcháin, tá méarchlár "English (Ireland)/English (IE)" de dhíth ort. Ná bí buartha, níl méarchlár fisiciúil nua de dhíth ort!

Má tá tú i do chónaí in Éirinn agus má cheannaigh tú do ríomhaire in Éirinn, seans maith go bhfuil méarchlár "English (Ireland)" agat de réir réamhshocraithe. Le síneadh fada a chur os cionn litreach, brúigh ar an chnaipe "alt gr" (ar dheis den spásbharra) agus ar an ghuta ag an am céanna. Mar shampla, le "á" a chlóscríobh, brúigh ar an chnaipe "alt gr" agus ar an chnaipe "a" ag an am céanna. Le litreacha móra a chlóscríobh, brúigh ar an chnaipe "shift" chomh maith (an trí chnaipe san am céanna). Bain triail as sin i bhfuinneog ionchuir abair.ie.

Mura bhfuil tú ábalta sínte fada a chlóscríobhann fós, lean na treoracha seo a leanas leis an mhéarchlár "English (Ireland)" a ghníomhachtú ar do ríomhaire. Leis sin a dhéanamh, clic ar "Tosaigh" ("Start") ag bun do scáileáin ar chlé. Roghnaigh "Painéal Rialúcháin" ("Control Panel") agus ansin "Roghanna Réigiúnacha agus Teanga" ("Regional and Language Options"). Ansin, roghnaigh "English (Ireland)" ón roghchlár anuas agus clic ar "OK" leis an t-athrú a chur i bhfeidhm.

Ar ais go barr

Cén fáth a dtógann an tsintéis chomh fada?

Braitheann an moill a bhíonn le giniúint agus aschur na sintéise go mórmhór ar fhad an téacs atá á shintéisiú. Chomh maith leis sin, má bhíonn a lán daoine ag baint úsáide as an chóras, cuireann sé moill ar aschur na cainte.

Ar ais go barr

Níl abair.ie ag obair i gceart agus faighim teachtaireacht earráide.

Mura bhfuil abair.ie ag obair i gceart agus má fhaigheann tú teachtaireacht earráide, seol chugainn téacs cruinn na teachtaireachta, agus luaigh foinse na teachtaireachta (an gréasán, an seinnteoir fuaime, &rl.), le do thoil.

Ar ais go barr

Sheol mé aiseolas, ach níl an fhadhb réitithe go fóill.

Tá do chuid aiseolais an-luachmhar dúinn agus léinn muid gach píosa aiseolais a fhaigheann muid.

Is minic nach féidir linn fadhbanna a réiteach láithreach agus is próiseas fadtéarmach ceartú an chórais, mar bíonn orainn foinse na bhfadhbanna a "dhiagnóisiú". Mar shampla, má deir an córas focal áirithe go mícheart, caithfidh muid seiceáil an mbaineann an fhadhb leis an fhoclóir, leis na rialacha litriú-go-fuaimniú, le hanótáil an chorpais, &rl. Caithfidh muid a bheith cúramach nach gcruthaíonn réiteach ar fhadhb amháin fadhbanna eile.

Ar ais go barr