Cúlra
Tá abair.ie ina aschur ag thionscadal taighde ollscoile "Cabóigín I" a raibh sé mar aidhm aige córas iomlán téacs-go-hurlabhra Gaeilge a fhorbairt, le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Tugann muid "Cabóigín" chomh maith ar ár gcéad ghuth sintéiseach, a labhrann Gaeilge Uladh (Gaoth Dobhair) (Féach ar na ceisteanna coitianta). Tá an tionscadal á stiúradh ag an Ollamh Ailbhe Ní Chasaide den tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra atá mar chuid d'Ionad an Léinn Teangacha agus Chumarsáide, CLCS, i Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Bhí Cabóigín I ag tógáil ar an dubhsraith thaighde a rinneadh sa tionscadal WISPR (Acmhainní Próiseáil Urlabhra don Bhreatnais is don Ghaeilge) chun corpas urlabhra Gaeilge Ultach a sholáthar, a bheadh in oiriúint d'fhorbairt shintéise na Gaeilge, agus a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach faoi chlár INTERREG IIIA. Rinneadh an taighde seo i gcomhpháirt le hOllscoil Bhangor, sa Bhreatain Bheag, agus le bhaill foirne as Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, as an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus as Institiúid Teangeolaíochta Éireann.
Tá tionscadal úr ar bun anois, Cabógaí II, a leanann do shaothar Chabóigín I, le maoiniú fosta ó Fhoras na Gaeilge. Sa tionscadal seo, tá muid ag leasú an chórais sintéise, agus ag díriú ar fhorbairt chorpais agus guthanna sintéise do chanúintí eile.
Tá muid ag dúil go mbainfear úsáid as ár gcóras sintéise chun aiseanna a chur ar fáil a bheas ag tacú le teagasc agus foghlaim na Gaeilge. Fosta, tá súil againn go mbeidh sé bunús d'aiseanna dóibh siúd atá faoi mhíchumas radhairc, urlabhra nó léitheoireachta.

