Eolas ar CabairE
Cad é CabairE?
Is áis litearthachta don Ghaeilge é CabairE a chabhróidh leat litriú na Gaeilge a shealbhú. Tugtar cabaire ar dhuine atá cainteach (nó ró-chainteach), agus is amhlaidh atá an scéal le CabairE. Léann CabairE na habairtí amach i nGaeilge - tá an rogha agat idir Gaeilge Thír Chonaill, Gaeilge Chonamara agus Gaeilge Chorca Dhuibhne - agus déantar na habairtí is na focail a aibhsiú ag an am céanna sa gcaoi is go bhfuiltear in ann an téacs a leanacht focal ar fhocal (féach Léaráid 1.).
Cabhraíonn sé seo le daltaí scoile agus foghlaimeoirí an bhaint atá ag an litirú leis na fuaimeanna a thuiscint níos fearr. Is féidir do rogha téacs a chur isteach agus na dathanna agus méid an chló a athrú de réir mar is mian. Chomh maith leis sin, tá clónna disléicse ar fáil i measc clónna eile. Téigh go cabhair chun na féithe go léir atá ag CabairE a fheiceáil.
Cé atá taobh thiar de CabairE?
Is cuid den tionscadal ABAIR "An Sintéiseoir Gaeilge" (www.abair.ie) é CabairE. Tá ABAIR lonnaithe sa tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide. Bainean ABAIR úsáid as na teicneolaíochtaí sintéise is nuaí chun glórthaí sintéise don Ghaeilge a fhorbairt. Is iomaí feidhm atá le glórthaí sintéise. Cuireann sintéiseoirí ar chumas daoine atá faoi mhíchumas radhairc ríomhairí a úsáid, mar shampla. Is féidir freisin cluichí idirghníomhacha a dhéanamh a chabhróidh le daltaí scoile is foghlaimeoirí teanga.
Tá an tionscadal CabairE maoinithe ag An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG).
