X

An tOllamh Ailbhe Ní Chasaide (Ollamh le Foghraíocht)

Ailbhe Ní Chasaide Tógadh Ailbhe Ní Chasaide ar an Luinnigh i nGaoth Dobhair, i nGaeltacht Thír Chonaill. Tá B.A. sa Ghearmáinis agus sa Fhraincis aici ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Maitrise ó l'Université de Bordeaux. Bhain sí Ph.D. amach sa teangeolaíocht in Ollscoil Bangor sa Bhreatain Bheag. Mar phríomhstiúrthóir an tionscadail, tá baint ag Ailbhe le gach uile ghné den obair atá idir lámha. Is saineolaí san fhoghraíocht í, agus tá freagracht faoi leith aici as na gnéithe sin den tionscadal a bhaineann le foghraíocht agus le córas fuaime na Gaeilge, le dearadh corpais, taifeadadh, agus fóinéimiú. Tá suim aici i bprosóid na Gaeilge, i bprosóid mothúcháin, agus in úsáid na sintéise i gcúrsaí oideachais agus rochtana.

Dr Christer Gobl (Léachtóir in Eolaíocht Urlabhra)

Christer Gobl Is duine de bheirt chomh-stiúrthóirí an tionscadail é Christer Gobl. Bhain sé M.Sc. amach san innealtóireacht leictreach in Institiúid Ríoga na Teicneolaíochta, KTH, Stockholm, agus Ph.D. sa Chumarsáid Urlabhra sa Roinn Urlabhra, Ceoil agus Cloisteála i KTH chomh maith. Eolaí urlabhra is ea é agus baineann formhór a chuid taighde le fuaimíocht táirgeadh urlabhra, áit a bhfuil sé ag díriú ar shamhaltú an ghutha daonna agus a fheidhmeanna i gcumarsáid urlabhra. Baineann an obair shuntasach ar shintéis urlabhra agus phróiseáil chomharthaí leis seo freisin. Ar an tionscadal áirithe seo, tá sé ag stiúrú forbairt an innill urlabhra chun cáilíocht an ghutha a fheabhsú. Sprioc eile atá ann ná an t-inneall urlabhra a dhéanamh níos solúbtha, sa chaoi go mbeidh sé in ann dul i ngleic le deacrachtaí sintéise i mbunús corpais. Cuirfidh inneall urlabhra níos solúbtha ar ár gcumas guthanna éagsúla a ghiniúint ón gcorpas céanna amach anseo, mar aon le hurlabhra níos mothúchánaí a ghiniúint chomh maith.

Dr Elaine Uí Dhonnchadha (Léachtóir sa Ríomhtheangeolaíocht)

Elaine Uí Dhonnchadha Is duine de bheirt chomh-stiúrthóirí an tionscadail í Elaine Uí Dhonnchadha. I ndiaidh di B.Sc. a bhaint amach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath san Fheidhmchláir Ríomhairí chuaigh sí i mbun oibre mar anailíseoir/ríomhchláraitheoir. I lár na '90í, thosaigh sí ag obair in Institiúid Teangeolaíochta Éireann (ITÉ), áit ar chuir sí suim i ríomh-phróiseáil na Gaeilge agus sa teangeolaíocht. Bhí ról lárnach aici i bhforbairt corpas de théacsanna comhaimseartha Gaeilge. Is iad na sainspéiseanna atá aici ná forbairt corpas anótáilte agus uirlisí próiseála don Ghaeilge cosúil le deighilteoir téacsanna, anailíseoir moirfeolaíochta agus gineadóir moirfeolaíochta, clibeoir ranna cainte, páirtpharsálaí, agus parsálaí don Ghaeilge. Cuireann uirlisí den chineál seo ar ár gcumas úsáid a bhaint as eolas comhréireach agus moirfeolaíoch ag céimeanna éagsúla den phróiseáil téacs.

John Duggan (Teicneoir Sinsearach)

John Duggan Rugadh agus tógadh John Duggan cois trá i gContae Mhaigh Eo. Rinne sé staidéar ar an Innealtóireacht Ríomhaireachta in Ollscoil Luimnigh. Thosaigh sé ag obair i gColáiste na Trionóide i 1988 agus is ansin a bhain sé céim B.Sc. (Eolaíocht Riomhaireachta) amach. Maidir leis an tionscadal seo, rinne sé an cumraíocht freastalaí agus bhí baint aige leis an stiúideo taifeadta, le cúrsaí crua-earraí agus bogearraí, agus le tacaíocht Linux agus XP.

Harald Berthelsen (Taighdeoir)

Harald Berthelsen Rugadh Harald Berthelsen i gCoillte Värmland sa tSualainn ach tá cónaí air i Stocholm ó bhí sé ceithre bliana d'aois, agus tá tréimhsí caite in Éirinn aige chomh maith. Rinne sé staidéar ar an nGaeilge le Gael Linn agus i gClub Chonradh na Gaeilge i 1979, agus níos déanaí in Ollscoil Uppsala leis an Ollamh Ailbhe Ó Corráin. Bhain sé céim amach sa ríomhtheangeolaíocht in Ollscoil Stocholm. Tá Harald freagrach as an ríomhchlárú ar fad a bhaineann le cruthú na nguthanna Gaeilge, agus bíonn baint nach beag aige le gnéithe teangeolaíochta an tionscadail chomh maith.

Neasa Ní Chiaráin (Taighdeoir)

Neasa Ní Chiaráin Fuair Neasa Ní Chiaráin a cuid scolaíochta ar fad trí mheán na Gaeilge sula ndeachaigh sí go hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath mar ar bhain sí céim amach sa Ríomhtheangeolaíocht. Thóg sí Gearmáinis mar ábhar céime agus tá spéis mhór sa Fhraincis aici chomh maith. Bhain sí céim M.Sc. amach san Eolaíocht Chognaíoch i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath sa bhliain 2007 agus insealbhú teangacha mar phríomhábhar staidéir aici. Bhain sí Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht amach i gColáiste Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad in 2010. Is é an príomhábhar taighde atá aici faoi láthair ná úsáid na teicneolaíochta chun an Ghaeilge a shealbhú agus a chur chun cinn. Is ball d’fhoireann abair.ie ó 2009 i leith í agus tá sí ina macléinn Ph.D.

Christoph Wendler (Taighdeoir)

Christoph Wendler Is as München na Baváire, i ndeisceart na Gearmáine, ó dhúchas é Christoph Wendler. Bhain sé céim M.A. sa teangeolaíocht (Gearmáinis agus Béarla) amach ó Ollscoil München. Chaith sé bliain (2008–2009) ag obair ar an tionscadal “An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge”. Ba ag ullmhú chorpas digiteach na Gaeilge le haghaidh foclóirithe a bhí sé, obair a bhí faoi stiúir an Dr Elaine Uí Dhonnchadha ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Is ball d'fhoireann abair.ie é ó 2009 i leith. Tá taithí ag Christoph ar fhorbairt bhogearraí agus ar phróiseáil téacs is teanga. Tá gnéithe éagsúla den tionscadal seo faoina chúram, taifeadtaí, forbairt an tsintéiseora is an tsuímh idirlín ina measc.

Andy Murphy (Taighdeoir)

Andy Murphy Bhain Andy Murphy B.A. i bhFisic is Ceimic Ardábhar amach ó Choláiste na Tríonóide sa mbliain 2010. Ansin theastaigh uaidh díriú ar rudaí a bhaineann le healaín is cruthaitheacht is chuaigh sé i mbun M. Phil. i dteicneolaíochtaí an cheoil is na meán. Le linn na tréimhse sin, d'fhorbair sé bogearraí le haghaidh ceol a chumadh. Rinne sé staidéar ar an nguth canta freisin – rud a bhfuil an-suim aige ann – go háirithe canadh forthoin. Tá sé ag obair ar an tionscadal ABAIR ó 2013 mar a bhfuil sé i mbun nádúrthacht na nglórtha HTS a fheabhsú. Tá sé ag scríobh tráchtais Ph.D. faoi láthair agus is éard atá mar ábhar aige ná vóchódóir solúbtha a fhorbairt le haghaidh sintéis cainte pharaiméadrach staitistiúil.


Iarbhaill Foirne

Tá an tionscadal forbartha go dtí an pointe seo faoi láthair, a bhuíochas sin do na daoine thíosluaite a rinne obair cheannródaíoch i sintéis na Gaeilge:

Amelia Kelly (Taighdeoir)

Amelia Kelly Bhain Amelia B.Sc. san Fhisic agus sa Réalteolaíocht amach ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ina dhiaidh sin bhain sí M. Phil sa teangeolaíocht amach ó Choláiste na Tríonóide, áit a bhfuil sí i mbun tráchtais Ph.D. a bhaineann le sintéis urlabhra. I measc na nithe ar thug sí fúthu sa tionscadal abair.ie tá dearadh corpais, taifeadadh, cur i bhfeidhm na modhanna sintéise staitistiúla ar a bhfuil an glór HTS bunaithe, agus forbairt is feabhsú innill chainte don chóras roghnúchán aonad. Is éard atá mar ábhar tráchtais aici ná léiriú fuaimeanna cainte agus conas feabhas a chur ar an bhfeidhm chostas (cost function) sa chóras roghnúchán aonad. Tá spéis aici i sintéis urlabhra, trasfhoirm Fourier, ríomhaireacht éabhlóideach maille leis an teoiric chluifí, foghraíocht, agus mionchanúintí an Bhéarla.

Dr Pauline Welby (Comhalta taighde)

Pauline Welby I ndiaidh staidéir bhunchéime i dteangacha clasaiceacha ag Brandeis University (Waltham, Massachusetts) agus ag Coláiste na Tríonóide, agus bliain mar fille au pair i nDeisceart na Fraince, rinne Pauline Welby Ph.D. sa teangeolaíocht ag Ohio State University. Chaith sí ceithre bliana i nGrenoble na Fraince san Institut de la Communication Parlée (CNRS), áit a dtosaigh sí an Ghaeilge a fhoghlaim. I measc réimsí eile, tá suim ag Pauline i bprosóid, sealbhú teangacha, agus úsáid na teicneolaíochta urlabhra i gcúrsaí oideachais. Tá taithí aice i sintéis téacs-go-hurlabhra don Bhéarla. I measc na bhfreagrachtaí s'aici don tionscadal Gaeilge ná dearadh corpais, taifeadadh, dearadh den algartam "chunking" (a bhrisfidh abairtí fada amach i bpíosaí níos lú), forbairt an tsuímh idirlín, agus béite-thástáil. Is as Nua Eabhrac ó dhúchas í.

Dr Brian Ó Raghallaigh (Taighdeoir)

Brian Ó Raghallaigh Bhain obair Bhriain Uí Raghallaigh le fóineolaíocht na Gaeilge, fóinéimiú, forbairt foclóirí an chórais shintéise, chomh maith le dearadh corpais, taifeadadh, an suíomh idirlín, agus neart gnéithe eile den tionscadal. Rugadh agus tógadh Brian i mBaile Átha Cliath agus d'fhreastail sé ar Choláiste Mhuire. Bhain sé B.A. (Mod.) amach i Ríomhaireacht, Teangeolaíocht & Gaeilge chomh maith le Ph.D. i bhfóineolaíocht na Gaeilge (dírithe ar fhóinéimiú ilchanúnach don Ghaeilge) ag Coláiste na Tríonóide. Tá sé ag obair faoi láthair mar léachtóir agus mar bhainisteoir teicniúil ar thionscadail taighde (m.sh. an bunachar téarmaíochta focal.ie agus an bunachar logainmneacha logainm.ie) i Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Cliath.

Nadia Genserovskaya (Taighdeoir)

Nadia Genserovskaya Is as an Rúis ó dhúchas do Nadia Genserovskaya, ach tá sí ina cónaí i nGaeltacht Ráth Cairn, Contae na Mí ón am go raibh sí 10 mbliana d'aois. Mar chuid dá B.A. (Mod.) i Ríomhaireacht, Teangeolaíocht agus Gearmáinis ag Coláiste na Tríonóide, rinne Nadia tionscadal 4ú bliain ar normalú téacs don Ghaeilge. I ndiaidh na céime, thosaigh sí mar bhall foirne ar Cabóigín, agus rinne sí an obair seo a fhorbairt. Tá torthaí na hoibre sin le feiceáil agus le cluinstin ar abair.ie. Faoi láthair, tá sí ag obair ar shamhaltú ar fhad agus minicíocht bhunúsach (F0) do shintéis défhuaime don Ghaeilge agus ag críochnú M.Phil. i bPróiseáil Urlabhra Teanga i gColáiste na Tríonóide. Tá suim mhór ag Nadia i dteiripe urlabhra agus go gairid, beidh sí ag imeacht uainn le tabhairt faoi chúrsa M.A.

Áine Ní Bhriain-Andersen (Taighdeoir)

Áine Ní Bhriain-Andersen Bhain obair Áine Ní Bhriain ar an tionscadal Gaeilge le taifeadadh, anótáil corpais agus ceartúcháin na hanótála. Tá B.A. (Mod.) agus M.Sc. aici ó Choláiste na Tríonóide, áit a rinne sí staidéir ar ríomheolaíocht agus teangeolaíocht. Mar chuid dá bunchéim, rinne sí staidéar ar Ghaeilge na hAlban in Ollscoil Obair Dheáthain. Chaith sí tréimhse ag obair ag Microsoft in Éirinn agus Nuance sa Bheilg ar shintéis an Bhéarla Éireannaigh. Faoi láthair, tá sí ag obair sa Danmhairg mar ríomhchláraitheoir ag Esoft Systems.

John Wogan (Taighdeoir)

Eolas beathaisnéise le teacht.

JEric Zoerner (Taighdeoir)

Eric Zoerner

Innealtóir bogearraí é Eric Zoerner as Portland, Oregon. Chaith sé bliain amháin i gColáiste na Tríonóide ag obair ar anótáil fhóinéimeach na gcorpas agus ar uirlisí Java a fhorbairt chun siollaí na bhfocal a oibriú amach. Tá Gaeilge á mhúineadh anois aige i mórcheantar Portland leis an ngrúpa Gaeltacht na Cascáide.