X

Gradam na Gaeilge 2015

Aibreán 2015

Bhuaigh ABAIR duais Gradam na Gaeilge 2015 - 'An tseirbhís Ghaeilge is fearr i gColáiste na Tríonóide'. Go raibh maith agat le hOifig na Gaeilge agus leis an Aire Joe McHugh a bhronn an gradam ar fhoireann ABAIR.

All Ireland Marketing Awards

All Ireland Marketing Awards 2014

Meitheamh 2014

Ainmníodh ABAIR.ie don ghradam All Ireland Marketing Awards sa gcatagóir "Gradam Gnó as Gaeilge". Ina measc seo a fuair ainmniúchán sa gcatagóir chéanna bhí An Cumann Lúthchleas Gael, an comhlacht Three, Associated Newspapers Ireland agus an Irish Wheelchair Association.

All Ireland Marketing Awards
Ó chlé: Neasa Ní Chiaráin (ABAIR.ie), Elaine Uí Dhonnchadha (ABAIR.ie) agus Karen Moran (KBC) ar oíche bhronnta na ngradam san Óstán Burlington i mBaile Átha Cliath.

Tionól Teagaisc 2013

9 Samhain 2013

Tháinig múinteoirí as gach cearn den tír Dé hAoine agus Dé Sathairn seo caite le freastal ar Thionól Teagaisc 2013, a bhí á chur i láthair ag An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí. Seo deis iontach do mhúinteoirí agus do phobal na Gaeilge teacht le chéile le caint faoi theagasc agus faoi fhoghlaim na Gaeilge. Bhí seastán ABAIR díreach taobh istigh de dhoras Áras an Gheata Thiar i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

An Tionóil Teagaisc 2013

Chaitheas an lá ag labhairt le múinteoirí faoi na féidearthachtaí atá ann teicneolaíocht urlabhra don Ghaeilge a úsáid sa seomra ranga. Bhí neart smaointe ag daoine faoi chleachtaí foghraíochta sna canúintí éagsúla: gníomhaíochtaí cosúil le “tabhair buille faoi thuairim faoin gcanúint”; “litriú agus fuaimniú – an tábhacht a bhaineann leis an síneadh fada”; “feasacht i leith dhaltaí ar mhíchumas radhairc”, ina measc.
Táim an-bhuíoch don Dochtúir Garry Bannister a thug an deis dom ABAIR a chur i láthair do shlua múinteoirí le linn na ceardlainne a bhí aige féin ar “chur chun cinn na litríochta le cabhair na teicneolaíochta”. Go raibh maith agat chomh maith le Kevin De Barra a choimeád éinne nach raibh i láthair suas chun dáta le himeachtaí an lae leis an haischlib #tionól2013 ar fhotha @Gaelport ar Twitter.
Bhí an-lá againn – ócáid iontach do dhaoine bainteach le hoideachas trí mheán na Gaeilge.

– Neasa Ní Chiaráin

Thesis in 3

27 Meán Fómhair 2013

3 nóiméad agus 3 shleamhnán Powerpoint le hábhar do thráchtas PhD a chur in iúil do lucht éisteachta sa Choláiste! Ghlac 22 mac léinn PhD páirt san ócáid a bhí ar siúl san Áiléar Eolaíochta i gColáiste na Tríonóide ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2013.

Bhí seisiún taispeána ar siúl i rith an tsosa agus bhí ABAIR ar cheann de cheithre thionscadal sa choláiste a bhí á léiriú. Bhí an-suim sna guthanna sintéiseacha Gaeilge agus a n-úsáid i gcluichí idirghníomhacha teanga.

Pictiúr Thesis in 3
An tOll. Vincent Wade i measc slua beag a bhí an-tógtha le blas Ghaoth Dobhair agus le blas Chonamara agus an cluiche Digichaint á imirt acu. Tá Digichaint bunaithe ar The Language Trap a forbraíodh sa Knowledge & Data Engineering Group i gColáiste na Tríonóide.

Lá Domhanda an Ghlóir agus ABAIR.ie

22 Aibreán 2013

Bhí Lá Domhanda an Ghlóir (World Voice Day) á cheiliúradh ar an 16 Aibreán 2013 i Mol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide. Chuir An tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra de chuid Scoil na nEolaíochta Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide, sraith imeachtaí ar siúl le haghaidh an lae speisialta seo agus bhí seoladh ghlórtha ABAIR i mBaile Átha Cliath ar cheann de na buaicphointí. Ba é an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D. a sheol na glórtha nua maille leis an suíomh nua-dheartha.

Seimineár ar an nGlór

Chuir seimineár ar an nglór tús leis na himeachtaí. Rinne taighdeoirí cur síos ar a gcuid taighde. Tugadh léargas don lucht éisteachta cén tionchar atá ag an nglór ar an gcaint agus ar an mbrí a bhaintear aisti. Ní hionann an tuiscint atá ag Béarlóir ar thon an ghlóir is atá ag cainteoir dúchais na Seapáinise mar shampla. Thuigfí do Bhéarlóir go bhfuil fearg ar dhuine nuair a cheapfadh Seapánach chun caidrimh atá sé! Ní lia tír ná nós.

Seoladh ABAIR.ie i mBaile Átha Cliath

Tar éis an tseimineáir sheol an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D. glórtha nua ABAIR. Chuir sé áthas ar an Aire go raibh an Ghaeilge i lár an aonaigh ar Lá Domhanda an Ghlóir agus luaigh sé an dlúthbhaint atá ag Coláiste na Tríonóide leis an nGaeilge le fada an lá. Cuireadh an chéad ollúnacht Ghaeilge riamh ar bun i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1840. Ollúna le Gaeilge ab ea iad an Canónach James Goodman agus an scríbhneoir iomráiteach Máirtín Ó Cadhain. Rinne an tAire cur síos ar an am ar thug an tOllamh Máirtín Ó Cadhain cuairt ar a mhuintir i dTír Chonaill le seanchas a sheanmháthar a thaifeadadh (foilsíodh é sa leabhar Ó Cadhain i dTír Chonaill, Pádraig Ó Baoighill a chuir in eagar, Coiscéim 2007). Mar sin, ní hionadh é go bhfuil áis fearacht abair.ie á forbairt i gColáiste na Tríonóide, áis a chuidíonn le foghlaimeoirí ar fud na tíre agus na cruinne an teanga a shealbhú ar dhóigh thaitneamhach nua-aimseartha.

Amhráin i nGaeilge

Ag 19.30, bhí amhránaíocht ar siúl i dtíortha éagsúla ar fud an domhain chun clabhsúr a chur ar Lá Domhanda an Ghlóir. Ba iad Na Casaidigh agus cairde dá gcuid a chuir amhráin i nGaeilge i láthair an oíche sin i gColáiste na Tríonóide. Bhíothas ag canadh amhráin thraidisiúnta as Cúige Uladh, Cúige Chonnacht agus Cúige Mumhan.

Breathnaigh ar chlár iomlán Lá Domhanda an Ghlóir ag www.abair.tcd.ie/voiceday.

Pictiúr Seoladh Abair ag Oireachtas na Samhna 2012
Neasa Ní Chiaráin, Amelie Dorn, An tOll. Juergen Barkhoff, Dr. Irena Yanushevskaya, John Kane, Vinny Cahill (Déan an Taighde), an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., Christoph Wendler, An tOll. Christer Gobl, An tOll. Ailbhe Ní Chasaide ag seoladh oifigiúil ghlórtha nua ABAIR i mBaile Átha Cliath

Glór Nua ABAIR Seolta go hOifigiúil

2 Samhain 2012

Bhí slua mór i láthair san Óstán Mount Errigal nuair a lainseáil an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D. an dara glór sa chóras nua sintéise Gaeilge www.abair.ie mar chuid d’fhéile an Oireachtais. Ina theannta sin, lainseáladh an suíomh nua idirlín atá ar fáil don bpobal mór. 

Tugann www.ABAIR.ie an Ghaeilge isteach i gcroílár teicneolaíocht na linne seo. Sé www.abair.ie an chéad córas sintéiseach atá abálta abairtí úrnua Gaeilge a léamh amach duit ar do ríomhaire. Tiontaíonn córas sintéiseach an focal scríofa isteach i gcaint bheo agus le www.abair.ie is féidir abairtí scríofa i nGaeilge a choisteáil ar ais agus iad á rá ag guthanna dúchasacha Gaeltachta. Is fuinneog é an suíomh www.abair.ie ar áiseanna agus ar acmhainní atá ríthábhachtach i réimse an oideachais agus i réimse na rochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas.

Is córas sintéiseach téacs-go-hurlabhra é www.abair.ie agus suas go dtí seo, bhí an fuaimniú ar fáil i bhfoirm guth cailín as Gaoth Dobhair. Tá céim eile chun cinn tógtha ag foireann fhorbartha www.abair.ie agus anois, don gcéad uair, beidh daoine ábalta abairtí úra, a chumann siad féin, a chur isteach sa chóras agus an abairt a chloisteáil ar ais i nGaeilge nádúrtha Chonnachtach nó Ultach ag úsáid suíomh nua-dheartha, neamh-chasta, tarraingteach ABAIR.ie. Tá guth Muimhneach ar na bacáin agus táthar ag súil go mbeidh teacht ar na trí mhórchanúint amach anseo. I bhfad na haimsire, táthar ag súil fochanúintí breise a chur leis an gcóras chomh maith.

Pictiúr Seoladh Abair ag Oireachtas na Samhna 2012
Neasa Ní Chiaráin, Dinny McGinley, T.D., John Duggan, An tOllamh Ailbhe Ní Chasaide, Harald Berthelsen, Séamus Mac Giolla Chomhaill (An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta) agus Christoph Wendler

Tá teacht ar www.abair.ie ar an idirlíon le cúpla bliain anuas agus tá breis is 40,000 duine tar éis cuairt a thabhairt ar an suíomh – cuid mhaith acu sin ó Mheirceá Thuaidh agus ó áiteanna eile ar fud na cruinne a bhfuil spéis ag daoine iontu sa Ghaeilge. Tá an-spéis ag daoine éagsúla, go leor acu nach raibh aon bhaint acu leis an tír seo riamh, sa Ghaeilge - ní hamháin i measc lucht na teangeolaíochta, ach i measc daoine de gach saghas cúlra.

Tá www.abair.ie cruthaithe mar thoradh ar thaighde sa Saotharlann Foghraíochta & Urlabhra, Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide, Coláiste na Tríonóide. Is cúis mhór bhróid d’fhoireann ABAIR go bhfuil aitheantas na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta acu agus go bhfuil sí sásta an tionscadal a mhaoiniú as seo go ceann trí bliana. Tá an fhoireann an-bhuíoch freisin dóibh siúd a thug maoiniú don fhorbairt ó thús ré an tionscadail agus a thug chomh fada leis seo iad. Ina measc siúd tá COGG, Foras na Gaeilge agus tionscadal INTERREG an Aontas Eorpaigh.

I dtuarascáil META-NET dar teideal ‘An Ghaeilge sa Ré Dhigiteach’ a foilsíodh le fíor-déanaí, luadh an Ghaeilge i measc teangacha neamhfhorleathna a bhí i mbaol de bharr easpa tacaíochta i réimse na teicneolaíochta. Is áis an-tábhachtach é www.abair.ie chun an bhearna teicneolaíochta seo a líonadh i gcás na Gaeilge. Suas go dtí seo bhí daoine aonair á úsáid chun focail nó abairtí a fhuaimniú i gceart. Chomh maith leis sin, táthar ag súil go mbunófar córais nua-aimseartha digiteacha chun áiseanna ilchineálacha a chruthú. I measc na n-áiseanna sin tá:

  • Cluichí teangan oideachasúla d’fhoghlaimeoirí agus do lucht teagaisc na Gaeilge
  • Foclóirí Canúnacha a ghlaofaidh amach focail agus frásaí sa chanúint cuí
  • Leabhair Scoile i bhfoirm idirghníomhach (DAISYBook) do dhaltaí a bhfuil míchumas radhairc orthu ionas gur féidir leo éisteacht le guth ag léamh an téacs dóibh
  • Léitheoirí a chabhródh go mór le daoine a bhfuil disléicse orthu
  • Léitheoirí Scáileáin a léifidh gach a bhfuil ar an scáileáin amach os ard. Tá a leithéid seo thar a bheith tábhachtach do dhaoine a bhfuil fadhbanna acu le radharc na súl
  • Gléasanna Cumarsáide dóibh siúd a bhfuil máchail chainte orthu
  • Guthanna le Gaeilge ar shuíomhanna Gréasáin chun Éire agus an Ghaeilge a chur chun cinn
  • Apps d’fhóin phóca, m.sh. cluichí le Gaeilge

“Tugann www.ABAIR.ie an Ghaeilge isteach i gcroílár teicneolaíocht na linne seo. Cruthaíonn sé féidearthachtaí réabhlóideacha i dtaca le teagasc agus le forleathnú na Gaeilge ar fud na cruinne.”
– An tAire Stáit Donnchadha Mac Fhionnlaoich, T.D.

“Tá sé mar chuspóir againn áiseanna teangeolaíochta & teicneolaíochta a chur ar fáil do phobal na Gaeilge. Tá géarghá leis an teicneolaíocht seo do dhaoine atá faoi mhíchumas & do theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge.”
– An tOllamh Ailbhe Ní Chasaide