X

Cad go díreach é abair.ie?

Is ríomhchainteoir Gaeilge é abair.ie — tiontaíonn sé an focal scríofa go hurlabhra.

Córas sintéise is ea é agus dála gach córas sintéise eile tá taighde agus forbairt ar siúl ar bhonn leanúnach chun barr feabhais a chur air. Ar cheann de na dúshláin ba mhó a bhí le sárú i gcás abair.ie bhí bailiú agus oiriúnú bunacmhainní Gaeilge – rud a bhí riachtanach chun córas sintéise a chruthú agus nárbh ann dó roimhe sin.

Tá dhá chanúint ar fáil ar abair.ie go dtí seo – canúint Uladh agus canúint Chonnacht. Tá obair ar chanúint na Mumhan idir lámha faoi láthair.

Ar ais go barr

Cé a thacaíonn le abair.ie?

Tá an tionscadal seo á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge. Is é atá ann ná forbairt ar an obair a thosaigh le WISPR. (Féach Cúlra le tuilleadh eolais a fháil).

Tá an-tacaíocht agus an-spreagadh faighte againn ó dhaoine agus ó eagraíochtaí a bhfuil suim faoi leith acu inár gcuid oibre ar shintéis na Gaeilge agus sna féidearthachtaí a éireoidh as sin sna réimsí oideachais agus rochtana, ach go háirithe. Tugann údaráis Choláiste na Tríonóide tacaíocht don tionscadal agus táimid an-bhuíoch dár gcomhghleacaithe acadúla sa choláiste agus i gcoláistí eile ar fud an domhain as a dtacaíocht siúd agus as na moltaí a thugann siad dúinn.

Ar ais go barr

Cén fáth a dtugtar "Cabóigín" ar ghuth Ghaoth Dobhair?

I nGaeilge Ghaoth Dobhair, tugtar "cabóg" ('clabaire') ar chailín beag a bhfuil ceann críonna uirthi agus a bhíonn ag caint de shíor. Sa bhunscoil i nGaoth Dobhair di, ba mhinic a ghlaoigh an múinteoir "cabóg" ar an Ollamh Ailbhe Ní Chasaide, stiúrthóir an tionscadail.

Ar ais go barr

An bhfuil rogha canúintí ar fáil?

Tá trí mhórchanúint sa Ghaeilge agus tá péire acu ar fáil faoi láthair ar abair.ie. Tá cainteoir ó Ghaoth Dobhair a bhfuil Gaeilge Uladh aici sa chóras agus cainteoir ó Ráth Chairn a bhfuil Gaeilge Chonnacht aige. Táimid tosaithe ar chóras a fhorbairt atá bunaithe ar chanúint na Mumhan agus tá súil againn go mbeidh sé ar fáil go luath.

Ar ais go barr

Tá fadhbanna agam bhur suíomh gréasáin a úsáid le hInternet Explorer.

Mura bhfuil ár suíomh gréasáin ag obair i gceart le hInternet Explorer, níor mhór úsáid a bhaint as ceann de na brabhsálaithe seo a leanas agus atá ar fáil saor in aisce: Firefox, Chrome nó Safari. Is éard is cúis leis ná nach gcloíonn Internet Explorer leis an gcaighdeán don Ghréasán uaireanta. Ciallaíonn sin gurb éigean codanna áirithe dár suíomh gréasáin a chur in oiriúint d'Internet Explorer. Ós rud é go dtugann muid tús áite don chaighdeán a gcloíonn an chuid is mó de na brabhsálaithe leis, d'fhéadfadh sé go mbeidh moill ar fhorbairt an tsúimh d'Internet Explorer scaití.

Ar ais go barr

Cad é Firefox? Conas a gheobhaidh mé é, agus cén fáth a molann sibh é?

Cad é Firefox?
Brabhsálaí gréasáin is ea Mozilla Firefox. Is é Firefox an t-aon bhrabhsálaí a bhfuil leagan Gaeilge de ar fáil! Is feidhmchlár bogearraí é a chuireann ar a chumas do dhuine leathanaigh ghréasáin a léamh. I measc na mbrabhsálaithe is coitianta tá Microsoft Internet Explorer, Apple Safari, Google Chrome agus Opera. Má shuiteálann duine Firefox, bíonn fáil aige fós ar na brabhsálaithe eile díreach mar a bhí roimhe sin.

An fáth a molaimid Firefox:
Chun abair.ie a úsáid ar an mbealach is éifeachtaí, molaimid leas a bhaint as an mbrabhsálaí Mozilla Firefox agus an litreoir (‘spell-checker’) Gaeilge a ghabhann leis. Tá sé seo ar fáil saor in aisce agus tá siad an-éasca le suiteáil.

Is cabhair mhór é an litreoir chun botúin litrithe agus botúin chló a sheachaint. Ní thuigeann an sintéiseoir focail agus ní féidir leis botúin litrithe a cheartú. Tá cruinneas an litrithe fíorthábhachtach mar go bhfuaimníonn abair.ie pé litriú a chlóitear. Is mór an difríocht a dhéanann síneadh fada, mar shampla, - má chuirtear isteach ‘bhí mé ag caint leis an bhféar’, sin é go díreach a déarfaidh an sintéiseoir cé go mbeadh sé intuigthe gur le ‘fear’ a bhí tú ag caint seachas le ‘féar’!

Conas teacht ar Firefox agus an litreoir:

Céim 1. Suiteáil an brabhsálaí gréasáin Firefox:
Ní thógann an próiseas go léir ach cúpla bomaite.

  1. Téigh go http://www.mozilla.com/en-US/firefox/all.html
  2. Scrollaigh síos go dtí an líne "Irish"/"Gaeilge" (nó roghnaigh teanga eile).
  3. Cliceáil ar an gcnaipe "Download" cuí (an chéad chnaipe do Windows, an dara ceann do Mac, an tríú ceann do Linux).
  4. Cliceáil ar an gcomhad a d'íoslódáil tú (rud éigin mar "Firefox Setup 3.x.x.exe" ar Windows).
  5. Lean na leideanna céim ar chéim chun Firefox a shuiteáil.

Céim 2. Suiteáil litreoir Firefox:

  1. Téigh go https://addons.mozilla.org/en-US/firefox/addon/3090/
  2. Cliceáil ar "Add to Firefox".
  3. Cliceáil ar "Íoslódáil anois"/"Install now".
  4. Chomh luath is a shuiteáiltear an litreoir, cuireann sé líne dhearg faoi fhocail nach bhfuil litrithe i gceart. Chun botún a cheartú, níl le déanamh ach deaschliceáil ar an bhfocal nach bhfuil litrithe i gceart agus an litriú cuí a roghnú.

Céim 3. Cuir abair.ie le liosta inneall cuardaigh de chuid Firefox:
Má leantar na céimeanna seo thíos, beifear in ann téacs ó shuíomh ar bith as Gaeilge* a sheoladh chuig abair.ie. Déanfaidh abair.ie sintéis ar an téacs go huathoibríoch is casfaidh sé na comhaid fuaime.
*(m.sh. focal.iebeo.ie)

  1. Bí cinnte go bhfuil Firefox suiteáilte agat. (Féach Céim 1 thuas).
  2. Téigh go dtí an leathanach seo..
  3. Cliceáil ar an nasc "abair.ie" (díreach faoi "1. Other general engines").
  4. Cliceáil ar "Cuir leis".
  5. Tá dhá bhealach ann chun úsáid a bhaint as an mbreiseán cuardaigh seo:

    a. Clóscríobh focal nó abairt sa bhosca cuardaigh agus brúigh ar an eochair iontrála.

    b. (b). Aibhsigh (highlight) na focail sa téacs le do luchóg, deaschliceáil, agus roghnaigh "Cuardaigh abair.ie ar...". (Bí cinnte go bhfuil an bosca cuardaigh abair.ie le feiceáil ag barr an leathanaigh, seachas bosca cuardaigh Google nó eile). Osclóidh cluaisín nua agus cloisfidh tú na focail á léamh amach ag abair.ie.

    Osclóidh cluaisín nua agus is féidir leat éisteacht le abair.ie ag rá na bhfocal.

Féidearthacht bhreise: Suiteáil "athróir teanga" Firefox

Is féidir leagan eile de Firefox a shuiteáil más mian leat (an leagan Béarla, mar shampla) agus malartú idir an dá cheann, ag baint úsáide as an "athróir teanga" (an "locale switcher").

  1. Suiteáil leagan eile (nó leaganacha eile) de Firefox (féach Céim 1 thuas).
  2. Téigh go https://addons.mozilla.org/en-US/firefox/addon/356/
  3. Cliceáil ar "Add to Firefox".
  4. Cliceáil ar "Install now".
  5. Chun é a úsáid, roghnaigh "teangacha/languages" faoin roghchlár Uirlisí/ Tools agus ansin roghnaigh an teanga atá uait. Atosaigh Firefox.

Ar ais go barr

Brúim ar an gcnaipe "Déan sintéis", ach ní chloisim aon rud.

Sa chás nach mbíonn aon rud le cloisteáil, dean deimhin de go bhfuil do chluasáin nó do challaire ceangailte i gceart, nach bhfuil "balbhaigh" ("mute") roghnaithe agat, agus nach bhfuil leibhéal na fuaime ar do ríomhaire ró-íseal. Ansin, bain triail as arís.

Tarlaíonn sé, ó am go chéile, go mbíonn locht sa chóras sintéise, ach de ghnáth, ina leithéid de chás, taispeántar teachtaireacht earráide.

Ar ais go barr

Uaireanta ní léann an sintéiseoir uimhreacha nó siombailí i gceart.

Tá an córas uimhriúil agus siombailí an-chasta sa Ghaeilge. Tóg an focal/uimhir “2”, mar shampla. Braitheann an fuaimniú ar an gcomhthéacs, mar a léiríonn na samplaí seo a leanas:

  • €2 [dhá euro]
  • 2 chailíní [beirt chailíní]
  • 1 nó 2 [ceanndhó]
  • seomra 2 [seomra a dó]

Láimhseálann an córas na samplaí thuas mar is ceart ós rud é go bhfuil rialacha ar leith scríofa againn chun déileáil le huimhreacha agus le siombailí..

Ar an drochuair, ní féidir leis na rialacha gach cás a láimhseáil. Mar shampla, má chlóscríobhann tú "2 chailini" (gan sínte fada), ní aithneoidh an córas gur daoine atá i gceist, agus déarfaidh an sintéiseoir "dhá".

I gcásanna eile, áfach, braitheann an fuaimniú ar an gcomhthéacs, agus ina leithéid de chásanna tá sé deacair, nó dodhéanta fiú, riail a scríobh. Cuir i gcás na habairtí seo a leanas:

  • “Seo m’uimhir: 896-1348”.
  • “Tá suíocháin 896-912 curtha in áirithe agam don ghrúpa”.

Sa chéad chás, is uimhir ghutháin atá i gceist, agus déarfadh duine "a hocht, a naoi, a sé, a haon, a trí, a ceathair, a hocht". Ach sa dara cás, seans go ndéarfadh duine "ocht gcéad nócha a sé go naoi gcéad agus a dó dhéag".

Tá feabhas leanúnach á chur againn ar na rialacha normalaithe agus ba mhór againn aiseolas nó moltaí a fháil uaibhse ina thaobh.

Ar ais go barr

Cén fáth nach bhfuil abair.ie ábalta focail Bhéarla a láimhseáil?

Caithfidh gach córas sintéise a bheith dírithe ar theanga ar leith toisc go mbíonn difríochtaí suntasacha idir córais fhuaimnithe na dteangacha éagsúla. Tá córas fuaimnithe na Gaeilge an-difriúil ó chóras fuaimnithe an Bhéarla, mar shampla. Cuir i gcás an focal "teach". Tá difríocht mhór idir fuaimniú na sraithe litreacha ‘t-e-a-c-h’ i mBéarla agus i nGaeilge ("Tá teach ann") vs. ("I teach there").

Cé go bhfuil an deacracht sin ann faoi láthair, tá modúl Béarla á fhorbairt againn a chuirfidh ar chumas an tsintéiseora déileáil le focail Bhéarla i dtéacsanna Gaeilge uaireanta. Is minic a úsáidtear leaganacha éagsúla d’ainmneacha nó de théarmaí nuachumtha le fuaimniú an Bhéarla orthu, i dtéacsanna agus táimid ag súil go mbeidh abair.ie ábalta déileáil leis seo ar bhealach níos éifeachtaí amach anseo.

Ar ais go barr

An bhfuil sé tábhachtach úsáid a bhaint as sínte fada?

Tá. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh ionchur cruinn ag an sintéisoir.

Tiontaíonn an córas na litreacha a chlóscríobhtar go siombailí foghraíochta de réir liosta rialacha litir-go-fuaimniú. Tiontaítear sraith na litreacha "uí" (san fhocal "buí", mar shampla) go dtí an tsiombail fhoghraíochta [i:] (i fada). Má bhíonn an t-ionchur litrithe go mícheart, beidh fadhbanna leis an aschur.

Mura n-úsáideann duine an síneadh fada agus é ag scríobh nó má dhéanann sé botúin chló nó botúin litrithe, de ghnáth bíonn léitheoirí daonna in ann an bhrí a thuiscint agus na botúin a cheartú. Faraor, níl abair.ie ná aon chóras sintéise eile chomh cliste le léitheoirí daonna!

Déanann an síneadh fada difríocht mhór d’fhuaim na litreacha sa Ghaeilge agus uaireanta is é a dhéanann an difríocht idir dhá fhocal atá an-éagsúil óna chéile i ndáiríre, (m.sh., "áit" v. "ait" nó "seó" v. "seo"). Má chlóscríobhtar "Bhain mé sult as an seo" (gan síneadh fada), déarfaidh an sintéiseoir an focal "seo" leis an nguta ‘o’ gairid.

Má chlóscríobhtar "taech", ní thuigfidh an córas gur "teach" atá i gceist, agus déarfaidh sé an focal "taech" (le ‘t’ leathan agus an guta mícheart), cé nach bhfuil a leithéid d’fhocal ann sa Ghaeilge.

Má chlóscríobhtar "2 chailíní", déarfaidh an sintéiseoir "beirt chailíní" (mar is ceart), ach má chlóscríobhtar "2 chailini" (gan sínte fada), cloisfidh tú "dhá" seachas "beirt", mar ní aithneoidh an córas gur daoine atá i gceist. (Ar ndóigh, beidh fuaimniú an ainmfhocail mícheart chomh maith).

Chun botúin chló agus litrithe a sheachaint, molaimid go láidir leas a bhaint as an mbrabhsálaí Mozilla Firefox agus an litreoir (spell-checker) Gaeilge a ghabhann leis a úsáid.

Ar ais go barr

Conas is féidir sínte fada a chlóscríobh ar an méarchlár?

Más é an córas oibriúcháin Windows atá in úsáid agat, méarchlár "English (Ireland)/English (IE)" atá ag teastáil. Ná bí buartha, ní gá méarchlár fisiciúil nua a fháil!

Má tá tú i do chónaí in Éirinn agus más rud é gur cheannaigh tú do ríomhaire in Éirinn, seans maith gurb é "English (Ireland)" atá réamhshocraithe. Chun síneadh fada a chur os cionn litreach, brúigh in éindí ar an gcnaipe "alt gr" (ar an taobh dheis den spásbharra) agus ar an nguta. Le "á" a chlóscríobh, mar shampla, brúigh in éindí ar an gcnaipe "alt gr" agus ar an gcnaipe "a". Chun ceannlitreacha a chlóscríobh, brúigh ar an gcnaipe "shift" chomh maith (na trí chnaipe in éindí). Bain triail as sin i bhfuinneog ionchuir abair.ie.

Mura n-oibríonn na treoracha thuas, lean na cinn seo a leanas chun an méarchlár "English (Ireland)" a ghníomhú ar do ríomhaire. Cliceáil ar "Tosaigh" ("Start") ag bun an scáileáin ar chlé. Roghnaigh "Painéal Rialúcháin" ("Control Panel") agus ansin "Roghanna Réigiúnacha agus Teanga" ("Regional and Language Options"). Ansin, roghnaigh "English (Ireland)" ón roghchlár anuas agus cliceáil ar "OK" chun an t-athrú a chur i bhfeidhm.

Ar ais go barr

Cén fáth a mbíonn an tsintéis mall?

Braitheann an mhoill a ghabhann le giniúint agus le haschur na sintéise ar fhad an téacs atá á phróiseáil, thar aon ní eile. Anuas air sin, má bhíonn a lán daoine ag baint úsáide as an gcóras ag an am céanna, cuireann sé moill ar aschur na hurlabhra.

Ar ais go barr

Níl abair.ie ag obair i gceart agus faighim teachtaireacht earráide.

Mura bhfuil abair.ie ag obair i gceart agus má fhaigheann tú teachtaireacht earráide, seol téacs na teachtaireachta chugainn agus luaigh foinse na teachtaireachta in éineacht leis (an gréasán, an seinnteoir fuaime nó eile). Déanfaimid ár ndícheall déileáil leis a luaithe agus is féidir.

Ar ais go barr

Sheol mé aiseolas, ach níl an fhadhb réitithe go fóill.

Is mór linn i gcónaí aiseolas a fháil.

Is minic, áfach, nach féidir linn fadhbanna a réiteach láithreach agus gur próiseas fadtéarmach a bhíonn i gceist le ceartú an chórais. Chun foinse na faidhbe a aimsiú ní mór dúinn a fháil amach an fadhb leis an bhfoclóir, nó leis na rialacha litir-go-fuaimniú, nó le hanótáil an chorpais, nó eile is cúis leis. B’fhéidir gur mhór de cheataí ná de chabhair a bheadh i réitigh áirithe mar go gcruthóidis tuilleadh fadhbanna nach bhfeicfí láithreach bonn.

Ar ais go barr

Cad é an difríocht idir an córas roghnúchán aonad agus an córas HTS?

Tá dhá chóras éagsúla in úsáid ag abair.ie chun an tsintéis téacs-go-hurlabhra a chruthú.

Tugtar roghnúchán aonad (unit selection) ar cheann acu. Tá sé de bhua ag an gcóras seo go gcruthaíonn sé caint atá an-ghar don chaint nádúrtha. An laige is mó a bhaineann leis ná go bhfuil sé ábhairín mall agus go mbíonn claonadh ann dul ar strae uaireanta.

Tugtar HTS ar an dara córas um shintéis atá in úsáid ag abair.ie. Tá sé de bhua ag an gcóras HTS gur féidir leis léamh go tapa agus go bhfuil comhsheasmhacht ag baint leis. Ar an láimh eile, ní bhíonn blas nádúrtha ar an gcaint a ghineann sé. Mar sin féin, tá sé feidhmiúil agus oiriúnach do dhaoine atá ag iarraidh dul i mbun a gcúraim go tapa le caint atá intuigthe, fiú mura bhfuil caighdeán na hurlabhra thar mholadh beirte.

Ar ais go barr

An féidir an sintéiseoir a chur ag obair ar mo ríomhaire féin neamhspleách ar an idirlíon?

Ní féidir faoi láthair - níl pacáiste bogearraí againn fós ach téigh i dteagmháil linn má tá riachtanais ar leith agat agus déanfaimid gach iarracht teacht ar réiteach.

Ar ais go barr

Cathain a bheidh canúint na Mumhan ar fáil?

Beidh glór na Mumhan ar fáil i mí Dheireadh Fómhair 2015. Seolfar go hoifigiúil é ar an

29 Deireadh Fómhair ag Oireachtas na Samhna 2015 (17:00)

Tuilleadh eolais...

Ar ais go barr