X

Conas abair.ie a úsáid le léitheoirí scáileáin

Is féidir téacs Gaeilge a chóipeáil go dtí abair.ie agus guth sintéiseach a úsáid leis an téacs sin a léamh amach os ard, agus léitheoir scáileáin in úsáid agat. Tá treoracha anseo thíos do chórais Windows agus do chórais Apple iOS.

Windows

Is féidir abair.ie a úsáid leis na léitheoirí scáileáin NVDA agus JAWS.

Céim 1
Cóipeáil an téacs Gaeilge go dtí an ghearrthaisce ar Windows ar dtús. Is féidir é sin a dhéanamh ar roinnt bhealaí éagsúla. Go ginearálta, is cuma cén feidhmchlár nó léitheoir scáileáin atá in úsáid agat, is féidir an bealach seo a leanas a usáid: Cuir an cúrsóir ar an gcéad carachtar sa téacs agus brúigh "shift". Ansin, bog an cúrsóir go dtí an carachtar deireanach sa téacs agus "shift" fós brúite agat. Brúigh Ctrl+V chun an téacs roghnaithe a chóipeáil go dtí an ghearrthaisce.

Céim 2
Oscail an leathanach www.abair.ie i do bhrabhsálaí. Ar an leathanach sin, téigh go dtí an ceanntásc "Fáilte go abair.ie - An Sintéiseoir Gaeilge".

Céim 3
Tá cúpla nasc faoin gceanntásc sin chun an chanúint Gaeilge atá uait a roghnú, (mar shampla, Gaoth Dobhair nó Conamara). Roghnaigh an chanúint is fearr leat leis an gcúrsóir agus brúigh ar an gceanntásc sin.

Céim 4
Tá bosca teaglama ar an leathanach chun luas an urlabhra a shocrú go dtí cibé luas is mian leat. Leis an gcuid is mó de na léitheoirí scáileáin, is féidir an t-eochar ordaithe "C" a iontráil chun dul chuig an mbosca teaglama sin. Cloisfidh tú an teachtaireacht "bosca teaglama laghdaithe gnáthluas" nuair atá tú san áit cheart. Brúigh "enter" agus ansin beidh tú ábalta an luas a roghnú leis na treo-eochracha: ag úsáid saighead suas nó saighead síos.

Céim 5
Agus an chanúint agus an luas socraithe agat, greamaigh an téacs Gaeilge isteach sa bhosca eagarthóireachta il-líne dar teideal "Cuir an téacs isteach...". Is féidir dul go dtí an bosca eagarthóireachta seo leis an eochar ordaithe "E". Nuair atá an cúrsóir sa bhosca sin, brúigh ar "enter" agus greamaigh an téacs sa bhosca le Ctrl+V.

Céim 6
Téigh go dtí an cnaipe leis an lipéad "Déan Sintéis". Is féidir é sin a dhéanamh leis an eochar "B". Nuair atá an cúrsóir ar an gcnaipe "Déan Sintéis", brúigh an cnaipe sin leis an spásbharra. Léifidh www.abair.ie an téacs os ard. Brúigh ar an gcnaipe "Seinn" más maith leat an téacs a chloisint arís.

NÓTA
Tabhair faoi deara, tar éis duit céimeanna a 2 go dtí a 5 thuas a dhéanamh uair amháin, is féidir leat an leathanach a leabharmharcáil i do bhrabhsálaí. Beidh sé níos simplí duit é a úsáid an chéad uair eile. Oscail an leabharmharc sin an chéad uair eile, in ionad www.abair.ie. Ansin, beidh tú ábalta léimt díreach ó chéim a 1 go céim a 6.

Apple iOS

Tá léitheoir scáileáin "VoiceOver" le fáil ar iPad, iPhone agus ar ghléasanna eile de chuid Apple leis an gcóras oibriúcháin iOS. Is féidir leat www.abair.ie a úsáid le VoiceOver ar an ngréasán chun téacs Gaeilge a léamh os ard ar iPhone agus ar iPad.

Céim 1
Cóipeáil an téacs Gaeilge go dtí an ghearrthaisce ar Apple IOS. Caithfidh an téacs Gaeilge a bheith i limistéar ineagraithe cosúil le nóta nó le ríomhphost sula gcóipeáileann tú é. Bain úsáid as an rotor ar VoiceOver chun an téacs a roghnú agus a chóipeáil.

Céim 2
Oscail an leathanach www.abair.ie sa bhrabhsálaí Safari. Osclaíonn suíomh www.abair.ie i nGaeilge de réir na réamhshocraithe. Is féidir é seo a aistriú chuig an leagan Béarla. Déan cliceáil dúbailte ar an nasc dar teideal "English", atá thart ar an tríú nasc ó bharr an leathanaigh.

Céim 3
Téigh go dtí an ceanntásc seo a leanas ar an leathanach: "Welcome to abair.ie - The Irish Language Synthesiser"

Céim 4
Tá cúpla nasc faoin gceanntásc sin chun an chanúint Gaeilge is mian leat a roghnú, (mar shampla, Gaoth Dobhair nó Conamara). Déan cliceáil dúbailte ar nasc an chanúna atá uait.

Céim 5
Tá cnaipe "pop-up" ar an leathanach chun luas an urlabhra a shocrú go dtí cibé luas is mian leat. Déan fliceáil ar dheis chun dul go dtí an cnaipe "pop-up" sin agus déan cliceáil dúbailte chun é a oscailt. Déan fliceáil síos nó fliceáil suas chun an luas a roghnú.

Céim 6
Agus an chanúint agus an luas socraithe agat, greamaigh an téacs Gaeilge isteach sa téacsbhosca dar teideal "Please enter some text...". Fliceáil ar chlé chun dul go dtí an bosca sin agus déan cliceáil dúbailte chun é a oscailt. Bain úsáid as an rotor ar VoiceOver chun an téacs a ghreamú sa téacsbhosca.

Céim 7
Fliceáil ar dheis cúpla uair go dtí an cnaipe dar teideal "Synthesise". Déan cliceáil dúbailte ar an gcnaipe sin. Tóg sos ar feadh cúpla soicind agus ansin beidh an focal "Player" le feiceáil ar an scáileán. Beidh an téacs Gaeilge le feiceáil ina abairtí aonair. Déan cliceáil dúbailte ar gach abairt chun éisteacht léi. Déan cliceáil dúbailte ar an gcnaipe "Play" más maith leat an téacs a chloisint arís.

NÓTA
Tabhair faoi deara, tar éis duit céimeanna a 2 go dtí a 5 thuas a dhéanamh uair amháin, is féidir leat an leathanach a leabharmharcáil i Safari. Beidh sé níos simplí duit an córas a úsáid an chéad uair eile. Oscail an leabharmharc sin in ionad www.abair.ie an chéad uair eile a úsáideann tú an sintéiseoir. Beidh tú ábalta dul díreach ó chéim a 1 go céim a 6 .